31 Nollaig 2010

Erse verse 19

An tAm a Bhí 


Ar chóir seanaithne a dhearmad
gan cuimhneamh uirthi arís?
Ar chóir seanaithne a dhearmad
's an t-am a bhí?

     Curfá:
     An t-am a bhí, a chroí,
     an t-am a bhí,
     is ólaimis deoch sláinte arís
     don am a bhí.

Nach dtógfá pionta i do ghlaic
is ardóidh mé cuach dí,
is ólaimis deoch sláinte ar ais
don am a bhí.

       Curfá

Ba ghnáth dúinn rith ar thaobh an tsléibh',
ag piocadh na mbláth mín;
ach chuamar beirt i bhfad i gcéin
ón am a bhí.

          Curfá

Ba ghnáth dúinn tumadh ins an sruth
ó éirí go ham luí;
ach chuamar thar sleasa na dtonn
ón am a bhí.

         Curfá

Seo duit mo lámh a chara cléibh!
Is beir greim mhaith uirthi!
Is taoscfaimid anois gach braon
don am a bhí.

         Curfá

[After the Caledonian Ullans of Robert Burns.]

29 Nollaig 2010

Erse verse 18

An cat



Teastaíonn uaim i mo thighse:
bean mheabhrach ard-éirime,
cat ag gabháil i measc na leabhar,
cairde de ló is d'oíche -
ní fiú liom an saol dá n-uireasa.

[D'après le latin vulgaire hexagonal de Guillaume Apollinaire.]

25 Nollaig 2010

Erse verse 17

Ag stopadh i gcoill oíche shneachta


Tá ’fhios agam cé leis an choill –
tá cónaí air sa bhaile thoir,
ní cás leis é má dheinim moill
ag amharc an tsneachta ina choill.

Is aisteach le mo chapaillín
an stopadh so gan feirm sa rian,
idir lochán oighir is crainn,
an oích’ is ísle teocht den bhliain.

Do chroith sé ceann is ghíosc an úim
ag fiafraí díom i dtaobh mo rúin,
is níl le cloisint ann ach fuaim
na leoithne réidh, an tsneachta plúir.

Má tá na coillte diamhair mín
comhlíonfad fós mo dhualgaisí,
tá aistear romham roimh dhul a luí,
tá aistear romham roimh dhul a luí.

[After the Ingweonic of Robert Frost.]