tag:blogger.com,1999:blog-81211870474009953852023-11-16T18:19:32.737+00:00Myles an Nissan MicraMyles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.comBlogger28125tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-73255127228155359252012-11-25T00:17:00.000+00:002013-01-26T21:25:37.850+00:00Erse verse 20An Saoránach Dí-ainm
(Tógadh an leac marmair seo
i gcuimhne ar JS/07 M 378
thar ceann an Stáit)
Deimhníonn Rannóg an Staidrimh gur seo duine
nár cuireadh cúis barántúil ina choinne,
mar de réir gach scéala air dá bhfuil cloiste
ba shampla dearfa é do lucht a linne,
is dhein sé a dhícheall don phobal uile.
Mar fhostaí oifige a thuill sé a chuid
ach ghabh sé san arm nuair ab Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com3tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-42838661778227977012011-01-05T20:45:00.001+00:002011-01-05T20:46:43.367+00:00FógraMyles agus an Deartháir
Níl sé de nós agam fógraíocht a dhéanamh ar an suíomh seo, ach sílim gur cuí agus gur cóir eisceacht bheag a dhéanamh sa chás seo: is iad Myles na Gopaleen agus a dheartháir, Ciarán Ó Nualláin, a bheidh faoi chaibidil ag Scoil Gheimhridh Merriman i mbliana.
Beidh an scoil ar siúl i gcathair na Gaillimhe, an 28-30 Eanáir, agus tá (nó beidh) gach eolas le fáil ó: Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com6tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-81921144493129421502010-12-31T16:09:00.004+00:002011-01-05T20:25:51.305+00:00Erse verse 19An tAm a Bhí
Ar chóir seanaithne a dhearmad
gan cuimhneamh uirthi arís?
Ar chóir seanaithne a dhearmad
's an t-am a bhí?
Curfá:
An t-am a bhí, a chroí,
an t-am a bhí,
is ólaimis deoch sláinte arís
don am a bhí.
Nach dtógfá pionta i do ghlaic
is ardóidh mé cuach dí,
is ólaimis deoch Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com5tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-73472687574771310212010-12-29T23:07:00.003+00:002010-12-29T23:36:41.764+00:00Erse verse 18An cat
Teastaíonn uaim i mo thighse:
bean mheabhrach ard-éirime,
cat ag gabháil i measc na leabhar,
cairde de ló is d'oíche -
ní fiú liom an saol dá n-uireasa.
[D'après le latin vulgaire hexagonal de Guillaume Apollinaire.]Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com7tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-23503912283879341392010-12-25T23:30:00.009+00:002011-10-19T10:58:21.937+01:00Erse verse 17Ag stopadh i gcoill oíche shneachta
Tá ’fhios agam cé leis an choill –
tá cónaí air sa bhaile thoir,
ní cás leis é má dheinim moill
ag amharc an tsneachta ina choill.
Is aisteach le mo chapaillín
an stopadh so gan feirm sa rian,
idir lochán oighir is crainn,
an oích’ is ísle teocht den bhliain.
Do chroith sé ceann is ghíosc an úim
ag fiafraí díom i dtaobh mo rúin,
is níl le cloisint ann Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com7tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-38103684489035615182010-08-11T19:57:00.005+01:002011-10-19T11:14:50.329+01:00Erse verse 16Ó! ná lig uait a ainm
Ó! ná lig uait a ainm, ach go luí sé sa scáil,
gan urraim ná aird mar' bhfuil a chorpán;
is danaideach duairc sinn ag sileadh na ndéar,
amhail titim an drúchta ar a uaigh faoin bhféar.
Ach drúcht úd na hoíche a thiteann go ciúin,
bheir sé úire a ghealfaidh an féar ar an uaigh,
is na deora a siltear faoi choim is faoi rún,
is tuar iad go mbeidh sé ’nár gcuimhne go buanMyles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com4tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-3911207763401806872010-08-03T23:07:00.016+01:002012-10-16T23:20:07.804+01:00Erse verse 15Is fear an fear mar sin féin
An ann don bhocht atá gan choir
is ceann faoi air mar sin féin?
is beag ár meas ar dhaor ag crith
ach táimid bocht mar sin féin!
Mar sin féin, mar sin féin,
ár ndua fá choim, mar sin féin;
cad is céim ann ach snas ar bhonn,
den ór an fear mar sin féin.
Más bia gan bhlas is cleachtach dúinn
is éadach glas, mar sin féin;
bíodh sról ar ghamal, fíon ag brúid,
is fear Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com4tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-81980196549098251972010-07-21T20:28:00.014+01:002011-10-19T11:20:25.243+01:00Erse verse 14Oileán locha Inis Fraoigh
Éireod anois is imeod, chun triall ar Inis Fraoigh,
go ndéanfad cábán beag ann as criadh is cliatha slat;
beidh pónairí i línte, is mil agam ón gcíor,
is stopfad i bhfaiche ann, dord na mbeach i ngach aird.
Beidh suaimhneas agam ansiúd, óir sileann síth go réidh
ó cheo-bhrat na maidine go gceolann an creagar;
bíonn drithlí ann istoíche, niamh ghorm i lár an Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com4tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-27747691363054773512010-07-14T13:37:00.001+01:002010-08-03T23:11:02.994+01:00Erse verse 13Amhrán Marseille
Éirígí 'chlanna na tíre,
tá lá na glóire buailte linn!
agus brat fuilteach na daoirse
á bhagairt ag tíoráin orainn,
á bhagairt ag tíoráin orainn!
Éistigí 'mhuintir na tuaithe
béicíl na n-amhas gan daonnacht,
táid ag marú óige 's bantracht
is ag réabadh trí bhur ndúiche!
Chun arm a shaorfheara,
déanaigí bhur ranga,
ar aghaidh, ar aghaidh!
go ndoirtfear Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com8tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-79762749502833950322010-07-11T20:39:00.009+01:002010-12-09T16:38:26.260+00:00Keats and Chapman 6An
illuminating tale
As Keats stepped from the bright sunlight of the city streets into the interior of the gentleman’s club he paused to let his eyes adjust to the gloom.
‘Ah, Mr Keats!’ said the receptionist from behind his desk, ‘Mr Chapman is expecting you in the library – top of the stairs on the third floor.’
‘Thank you very much Higgins’, replied the poet who, though an Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com3tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-47476839691093239982010-07-03T12:48:00.001+01:002010-08-03T23:12:24.487+01:00Dán nuaSeánra na seanrá
Ós dubh dorcha dul an dáin
staidéar síor do-níodh ógán,
é sínte go moch ag meas
scríbhne frofa na bhfileadh.
‘Is doiligh deacair an ghairm’
adeirid saoithe seanchais,
ach ní crua riaghail na rann
nuair scríobhtar dán le dúthracht.
Ná cleacht seanráite na sean—
beir scéala Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-62491157898378259832010-06-27T23:11:00.000+01:002010-06-27T23:13:19.712+01:00Erse verse 12Tine agus oighear
An í tine deireadh an tsaoil,
nó b'fhéidir sioc?
De réir mo thaithí ar an méin
táim den tuairim go bhfónfadh caor.
Ach dá dteastódh an dara scrios,
is leor m'eolas ar an bhfuath féin
le rá go mbeadh an t-oighear gach pioc
chomh nimhneach géar
ag bualadh sprioc.
[Aistrithe ó Shacs-Bhéarla Robert Frost.]Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com7tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-31977435834638454822010-06-19T21:22:00.000+01:002010-06-20T20:18:04.125+01:00Erse verse 11Eipic, 1938
Chónaigh mé in áiteanna mór le rá
nuair a bhí cúinsí troma le réiteach:
cér leo an leath-ród carraigeach gan fál
a raibh dhá theaghlach armtha á éileamh?
Bhéic muintir Dhufaigh ‘bíodh an deamhan agaibh’
is bhain an Cábach liath a chasóg de,
ag siúl na stráice gan beann ar lannaibh—
‘is í an chríoch na clocha glasa seo’.
B'shin bliain an chlampair úd thall in München.
Cé acu ba Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com3tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-74382372845511311512010-06-16T20:03:00.000+01:002010-06-20T20:16:28.496+01:00Erse verse 10Do Lucasta, ar imeacht chun cogaidh
Ná smuain, a rún, go bhfuilim crua
cé go mbrostaím ó chlúid
d'uchta úir is do mheoin fhionnuair
chuig slua, meirge is dún.
Is dearbh gurb é mo dhúil anois
an namhaid i lár gliadh,
is ansa liom ná rún do chnis,
claidheamh, lúireach is sciath.
Ach is údar sásaimh duitse
an fealladh so, a stór,
mar ba lú mo ghrá ort murach
gur fearr liom fós onóir.
[Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com3tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-58992345648089335772010-06-12T19:23:00.000+01:002010-06-12T20:17:28.562+01:00Erse verse 9Cuir i gCás
Cuir i gcás nach bhfuil neamh ann -
is féidir más mian leat,
níl ifreann thíos fúinn
gan ach spéir os ár gcionn,
samhlaigh go bhfuil gach éinne
beo don lá inniu ...
Cuir i gcás nach bhfuil tír ann -
ní doiligh é a dhéanamh,
gan chúis maraithe ná éaga
ná creideamh ach chomh beag,
samhlaigh go bhfuil gach éinne
beo go síochánta ...
B'fhéidir gur aisling a chonac
ach nílim i mo Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-62150384333005199132010-06-06T22:56:00.005+01:002012-09-30T12:07:47.229+01:00Keats and Chapman 5A man of principle
Chapman was eagerly anticipating a drink or two with Keats as he strode through the hotel foyer towards the most secluded of several bars in the establishment. Only the day before he had returned from a month-long trip to the Bodleian Library to research a monograph on Venetian incunabula. So engrossed had he been in his work while at Oxford that he had lost touch with eventsMyles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com8tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-2048577128823624252010-05-19T19:17:00.002+01:002010-12-26T19:37:25.235+00:00Erse verse 8An Múinteoir
Thóg an saor cloiche teampall
a bhí maisiúil greanta teann,
gach stua, póirse is colún
mar líne chruinn óna pheann.
Scairt an slua ar a fheiscint:
"ní bheidh meath ar sin go brách;
is mór í d'éirim a cheardaí!
mairfidh do chlú is do cháil."
Thóg oide scoile teampall
le dua is le gean a chroí,
níor dhein dhá leath dá dhícheall
is do leag gach cloch le guí.
Níor tugadh airdMyles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com5tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-48892183086566399252010-05-16T23:38:00.000+01:002010-06-12T23:04:38.208+01:00Erse verse 7An samhlód thú?
An samhlód thú le lá geal sa samhradh?
is áille thú agus is measartha
óir síothlaíonn léas an tsamhraidh go tapa
is rúscann gaoth mín-ghas na Bealtaine;
téann teas na gréine thar fóir ar uaire,
is minic scáth ag clúdach a gnúise -
le himeacht ama, de thaisme uaine,
tagann meath ar gach neach beo dá úire;
ach ní chaillfidh do shamhradh a luisne
ní fheicfear smál go deo ar do Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com1tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-28036166133599471952010-05-14T13:31:00.000+01:002010-05-14T21:45:25.253+01:00Erse verse 6An Crann
Sílim nach bhfeicidh mé go brách
dán chomh dea-dhéanta leis an gcrann
Crann a dhiúlann tríd an ithir
leacht ó chíoch thorthúil na cruinne
Crann a adhrann Dia gan staonadh
ag ardú géag chun na spéire
Crann a bheireann ins an samhradh
nead spideoige faoina ascall
Crann a dtiteann sneachta geal air
is a thugann scáth ón bhfearthainn
'Sé mo leithéid a chumfadh dán
ach Dia amháin a Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com9tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-86225741524579741152010-05-12T18:02:00.000+01:002010-05-13T08:30:47.286+01:00Erse verse 5Cumha Sochraide
Cuir gach clog ina stad agus múch an guthán,
ná lig do na gadhair a bheith ag glamaíl fá chnámh,
balbhaigh an pianó agus maolaigh an druma,
leag amach an cónra is lig don slua caoineadh.
Bíodh na heitleáin ag geonaíl os ár gcionn sa spéir
ag breacadh tásc an fhir a cailleadh ar an aer,
ceangail ribín ciardhubh le hucht an cholúir bháin,
cuir lámhainní dubha ar an bpóilín sa Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com6tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-47516478055903003352010-05-11T21:51:00.009+01:002011-10-19T12:21:35.493+01:00Keats and Chapman 4A fishy business
Captain Horatio Hill RN, retired, was a popular member of the gentleman's club in which Chapman was an habitué. The captain could and, whenever he was given half a chance, did boast of his family's long and almost unbroken tradition of naval service since 1758, the year in which young Herbert Hill, third son of a Devon squire, was taken up by a press gang as he emerged from a Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-92012578515857673652010-05-10T21:43:00.000+01:002010-06-07T16:36:06.094+01:00Erse verse 4Anam dochloíte
I nduibheagán doimhin na hoíche,
an dorchadas ar gach taobh,
gabhaim buíochas ó mo chroíse
don té a bhronn orm anam tréan.
Pé rud a tharla dom sa saol,
deor ná geoin níor bhain sé asam:
má síneadh mé le buille géar,
sheasas suas gan mórán achair.
Lastall de ghleann seo an chaointe
tá scáth uafar báis is daortha,
ach ag druidim le críoch m'aoise
táim go teann, gan ualach scéine.Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com6tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-61055152874422314992010-05-08T21:48:00.000+01:002010-05-10T21:38:05.309+01:00Erse verse 3Meán Fómhair 1913
Cad tá uaibh is sibh in inmhe
ach carnadh pinginí bréana
lena gcur i gcófraí taisce,
agus guí le Dia gan staonadh,
go mbeidh an cnámh gan deoir smeara?
Tá an tsaint i páirt le naofacht
is Éire na laoch gan oidhre
curtha fá leac leis an Laoghaireach.
Níorbh amhlaidh don aicme eile
a thuill meas na n-óg le héachta,
scaip a gcáil ar fud na cruinne
ach gearradh go luath a laethaMyles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com5tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-81724005095646581342010-05-08T13:56:00.000+01:002010-05-10T21:48:21.604+01:00Keats and Chapman 3An obscure portal
Feeling himself in need of a stiff mid-morning drink, Chapman stepped into the gentleman's club of which he was a long-standing member. As he made his way, glass in hand, towards an armchair next to a window in the smokers' lounge he was surprised to see Keats slumped in an adjacent chair, a vacant but somewhat harassed expression on his countenance.
'Keats old boy! Good to Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-8121187047400995385.post-57770458697962601772010-05-07T20:15:00.000+01:002010-05-08T22:54:39.765+01:00Erse verse 2Ná gabh go réidh
Ná gabh go réidh fá choim chaomh na hoíche,
Ba chóir don aois bheith fíochmhar ar deireadh;
Lig racht borb i gcoinne éag na drithle.
Cé léir don saoi nach bhfuil dul ón oidhe
Bíonn aistí gaoise fós le ríomh aige;
Ná gabh go réidh fá choim chaomh na hoíche.
Caitheann an fíréan a shaol sa deireadh
ag caoineadh na deise ar chúb sé uaithi;
Lig racht borb i gcoinne éag na drithle.Myles an Nissan Micrahttp://www.blogger.com/profile/11996927214633784770noreply@blogger.com3