i gcuimhne ar JS/07 M 378
thar ceann an Stáit)
Deimhníonn Rannóg an Staidrimh gur seo duinenár cuireadh cúis barántúil ina choinne,
mar de réir gach scéala air dá bhfuil cloiste
ba shampla dearfa é do lucht a linne,
is dhein sé a dhícheall don phobal uile.
Mar fhostaí oifige a thuill sé a chuid
ach ghabh sé san arm nuair ab éigean dúinn troid,
níl locht ag an gcomhlacht ar a chuid oibre -
cé nár loic ar a chairde tráth na stailce
ach d'íoc go rialta táillí don cheardchumann
(cumann nár chothaigh clampar ach go hannamh),
is deir saoithe na síce gur dóiche
go dtaoscadh sé braon i dteannta na foirne.
Tuigtear do lucht na meán go léadh sé nuachtán
is go dtógadh sé ceann d'fhógraí mar is gnách.
Níor leasc leis árachas sláinte a cheannach
is nuair a tugadh cógas dó fuair sé biseach.
Áitíonn lucht gnó is na forais airgeadais
nach scaoileadh sé aon uain iasachta thairis
ach go gceannaíodh sé na hearraí faiseanta:
gluaisteán, fón cliste, SatNav is ríomhaire.
Tá ár lucht taighde uile ar aon tuairim
gur ghlac sé gan cheist le dearcadh na huaire:
sásta le síocháin, níor theith sé ó chogadh.
Phós sé in am is bhí triúr ina mhuirear -
an líon ba stuama do thuistí a ghlúine,
is thug sé lánchead don scoil iad a mhúineadh.
An raibh sé sona saor? Níl ciall leis an gceist:
dá mbeadh rud éigin cearr, ní bheadh sé gan teist.
[After the cis-Atlantic Anglo-Saxon of W.H. Auden.]