11 Lúnasa 2010

Erse verse 16

Ó! ná lig uait a ainm


Ó! ná lig uait a ainm, ach go luí sé sa scáil,
gan urraim ná aird mar' bhfuil a chorpán;
is danaideach duairc sinn ag sileadh na ndéar,
amhail titim an drúchta ar a uaigh faoin bhféar.

Ach drúcht úd na hoíche a thiteann go ciúin,
bheir sé úire a ghealfaidh an féar ar an uaigh,
is na deora a siltear faoi choim is faoi rún,
is tuar iad go mbeidh sé ’nár gcuimhne go buan.

[After the Occidental Britanno-Germanic of Thomas Moore.]

03 Lúnasa 2010

Erse verse 15

Is fear an fear mar sin féin


An ann don bhocht atá gan choir
is ceann faoi air mar sin féin?
is beag ár meas ar dhaor ag crith
ach táimid bocht mar sin féin!
Mar sin féin, mar sin féin,
ár ndua fá choim, mar sin féin;
cad is céim ann ach snas ar bhonn,
den ór an fear mar sin féin.

Más bia gan bhlas is cleachtach dúinn
is éadach glas, mar sin féin;
bíodh sról ar ghamal, fíon ag brúid,
is fear an fear mar sin féin.
Mar sin féin, mar sin féin,
gan ghotha air, mar sin féin,
an fear gan cham cé bocht atá,
is rí linn é mar sin féin.

An t-ógfhear thall is tiarna é,
leaid lán de phoimp, mar sin féin;
cé binn le céadta guth a bhéil,
níl ann ach daoi mar sin féin.
Mar sin féin, mar sin féin,
ribín is réalt, mar sin féin,
an fear le céill is intinn shaor
is cúis ghrinn dó seo go léir.

Má thig le rí piaraí a bhaist,
gach iarla, diúc, 's a leithéid,
tá fear gan cham thar neart a reacht,
níl feidhm ag dlí mar sin féin.
Mar sin féin, mar sin féin,
gach teideal ard, 's a leithéid,
is fearr go mór mianach is meas
ná gradam stáit mar sin féin.

Guímís go léir go dtaga an lá
(is tiocfaidh sé, mar sin féin)
nuair bheidh an chiall i ngach aon áit
ag breith an bhua mar sin féin.
Mar sin féin, mar sin féin,
tá sé ag teacht, mar sin féin,
go mbeidh gach duine feadh an tsaoil
'na mbráithre fós mar sin féin.

[Aistrithe ó Ultais Albanach Robert Burns.]