19 Meitheamh 2010

Erse verse 11

Eipic, 1938


Chónaigh mé in áiteanna mór le rá
nuair a bhí cúinsí troma le réiteach:
cér leo an leath-ród carraigeach gan fál
a raibh dhá theaghlach armtha á éileamh?
Bhéic muintir Dhufaigh ‘bíodh an deamhan agaibh’
is bhain an Cábach liath a chasóg de,
ag siúl na stráice gan beann ar lannaibh—
‘is í an chríoch na clocha glasa seo’.
B'shin bliain an chlampair úd thall in München.
Cé acu ba throime? Bhraith mé nárbh fhiú
mórán Baile Uí Rois ná an Goirtín
gur labhair taibhse Hómer i mo chluais:
‘Scríobh mé an tIliad i dtaobh a leithéid
de raic. Ceapann déithe a dtábhacht féin’.

[From the Meridional Anglo-Ullans of Patrick Kavanagh.]

3 comments:

  1. An bhfuil an bunleagan ar fáil ar an idirlíon? Is maith liom do chuid oibre a chur i gcomparáid le focail an fhile i mBéarla.

    ReplyDelete
  2. Má dhéanann tú na téarmaí "Epic" agus "Patrick Kavanagh" a ghúgláil aimseoidh tú é gan stró.

    ReplyDelete