25 Samhain 2012

Erse verse 20

An Saoránach Dí-ainm













(Tógadh an leac marmair seo
i gcuimhne ar JS/07 M 378
thar ceann an Stáit)

Deimhníonn Rannóg an Staidrimh gur seo duine
nár cuireadh cúis barántúil ina choinne,
mar de réir gach scéala air dá bhfuil cloiste
ba shampla dearfa é do lucht a linne,
is dhein sé a dhícheall don phobal uile.

Mar fhostaí oifige a thuill sé a chuid
ach ghabh sé san arm nuair ab éigean dúinn troid,
níl locht ag an gcomhlacht ar a chuid oibre -
cé nár loic ar a chairde tráth na stailce
ach d'íoc go rialta táillí don cheardchumann
(cumann nár chothaigh clampar ach go hannamh),
is deir saoithe na síce gur dóiche
go dtaoscadh sé braon i dteannta na foirne.

Tuigtear do lucht na meán go léadh sé nuachtán
is go dtógadh sé ceann d'fhógraí mar is gnách.
Níor leasc leis árachas sláinte a cheannach
is nuair a tugadh cógas dó fuair sé biseach.
Áitíonn lucht gnó is na forais airgeadais
nach scaoileadh sé aon uain iasachta thairis
ach go gceannaíodh sé na hearraí faiseanta:
gluaisteán, fón cliste, SatNav is ríomhaire.

Tá ár lucht taighde uile ar aon tuairim
gur ghlac sé gan cheist le dearcadh na huaire:
sásta le síocháin, níor theith sé ó chogadh.
Phós sé in am is bhí triúr ina mhuirear -
an líon ba stuama do thuistí a ghlúine,
is thug sé lánchead don scoil iad a mhúineadh.
An raibh sé sona saor? Níl ciall leis an gceist:
dá mbeadh rud éigin cearr, ní bheadh sé gan teist.

[After the cis-Atlantic Anglo-Saxon of W.H. Auden.]

05 Eanáir 2011

Fógra

Myles agus an Deartháir



Níl sé de nós agam fógraíocht a dhéanamh ar an suíomh seo, ach sílim gur cuí agus gur cóir eisceacht bheag a dhéanamh sa chás seo: is iad Myles na Gopaleen agus a dheartháir, Ciarán Ó Nualláin, a bheidh faoi chaibidil ag Scoil Gheimhridh Merriman i mbliana.

Beidh an scoil ar siúl i gcathair na Gaillimhe, an 28-30 Eanáir, agus tá (nó beidh) gach eolas le fáil ó: shuíomh Chumann Merriman.

31 Nollaig 2010

Erse verse 19

An tAm a Bhí 


Ar chóir seanaithne a dhearmad
gan cuimhneamh uirthi arís?
Ar chóir seanaithne a dhearmad
's an t-am a bhí?

     Curfá:
     An t-am a bhí, a chroí,
     an t-am a bhí,
     is ólaimis deoch sláinte arís
     don am a bhí.

Nach dtógfá pionta i do ghlaic
is ardóidh mé cuach dí,
is ólaimis deoch sláinte ar ais
don am a bhí.

       Curfá

Ba ghnáth dúinn rith ar thaobh an tsléibh',
ag piocadh na mbláth mín;
ach chuamar beirt i bhfad i gcéin
ón am a bhí.

          Curfá

Ba ghnáth dúinn tumadh ins an sruth
ó éirí go ham luí;
ach chuamar thar sleasa na dtonn
ón am a bhí.

         Curfá

Seo duit mo lámh a chara cléibh!
Is beir greim mhaith uirthi!
Is taoscfaimid anois gach braon
don am a bhí.

         Curfá

[After the Caledonian Ullans of Robert Burns.]

29 Nollaig 2010

Erse verse 18

An cat



Teastaíonn uaim i mo thighse:
bean mheabhrach ard-éirime,
cat ag gabháil i measc na leabhar,
cairde de ló is d'oíche -
ní fiú liom an saol dá n-uireasa.

[D'après le latin vulgaire hexagonal de Guillaume Apollinaire.]

25 Nollaig 2010

Erse verse 17

Ag stopadh i gcoill oíche shneachta


Tá ’fhios agam cé leis an choill –
tá cónaí air sa bhaile thoir,
ní cás leis é má dheinim moill
ag amharc an tsneachta ina choill.

Is aisteach le mo chapaillín
an stopadh so gan feirm sa rian,
idir lochán oighir is crainn,
an oích’ is ísle teocht den bhliain.

Do chroith sé ceann is ghíosc an úim
ag fiafraí díom i dtaobh mo rúin,
is níl le cloisint ann ach fuaim
na leoithne réidh, an tsneachta plúir.

Má tá na coillte diamhair mín
comhlíonfad fós mo dhualgaisí,
tá aistear romham roimh dhul a luí,
tá aistear romham roimh dhul a luí.

[After the Ingweonic of Robert Frost.]