Tá ’fhios agam cé leis an choill –
tá cónaí air sa bhaile thoir,
ní cás leis é má dheinim moill
ag amharc an tsneachta ina choill.
Is aisteach le mo chapaillín
an stopadh so gan feirm sa rian,
idir lochán oighir is crainn,
an oích’ is ísle teocht den bhliain.
Do chroith sé ceann is ghíosc an úim
ag fiafraí díom i dtaobh mo rúin,
is níl le cloisint ann ach fuaim
na leoithne réidh, an tsneachta plúir.
Má tá na coillte diamhair mín
comhlíonfad fós mo dhualgaisí,
tá aistear romham roimh dhul a luí,
tá aistear romham roimh dhul a luí.
[After the Ingweonic of Robert Frost.]
Go deas. Fáilte ar ais.
ReplyDeleteMaith thú.
ReplyDeleteDeas cloisteáil uait arís...:-)
ReplyDeletení dóigh liom go raibh Robert Frost ina bhanfhile. Cheapas go raibh tú chun dán ó bhean a aistriú
ReplyDeleteChaitheas an trí mhí atá imithe ag cuardach tócan uaman ach theip orm í a aimsiú go dtí seo.
ReplyDeleteGo deas snasta, agus is maith liom do pheann a bheith ar ais agat.
ReplyDeleteNach oiriúnach an sloinne a bhí ar an bhfile mar sin féin?
ReplyDelete