11 Lúnasa 2010

Erse verse 16

Ó! ná lig uait a ainm


Ó! ná lig uait a ainm, ach go luí sé sa scáil,
gan urraim ná aird mar' bhfuil a chorpán;
is danaideach duairc sinn ag sileadh na ndéar,
amhail titim an drúchta ar a uaigh faoin bhféar.

Ach drúcht úd na hoíche a thiteann go ciúin,
bheir sé úire a ghealfaidh an féar ar an uaigh,
is na deora a siltear faoi choim is faoi rún,
is tuar iad go mbeidh sé ’nár gcuimhne go buan.

[After the Occidental Britanno-Germanic of Thomas Moore.]

4 comments:

  1. Nach bhfuil grianghraf agat de Sarah Curran

    ReplyDelete
  2. Spreag do cheist smaoineamh nár rith liom roimhe seo: na hErse verses go léir atá aistrithe agam, is fir a chum iad go léir (fág an ceann faoin múinteoir nach fios cé a chum é as an áireamh). Caithfidh mé tócan-uaman a fháil i mball éigin nó beidh na siúracha anuas orm.

    ReplyDelete
  3. Caithfidh tú níos mó ná tócan uaman a fháil. 6 bliana de chúrsa Béarla ar scoil ní dhearnamar staidéar ar bhean ar bith agus ní raibh ach beirt nó triúir fós beo, ach sin scéal eile!

    ReplyDelete
  4. Táim beagnach cinnte gur léigh mé leagan Gaeilge den dán seo in áit eigin cheana ach ní cuimhin liom cá raibh se.

    ReplyDelete