25 Samhain 2012

Erse verse 20

An Saoránach Dí-ainm













(Tógadh an leac marmair seo
i gcuimhne ar JS/07 M 378
thar ceann an Stáit)

Deimhníonn Rannóg an Staidrimh gur seo duine
nár cuireadh cúis barántúil ina choinne,
mar de réir gach scéala air dá bhfuil cloiste
ba shampla dearfa é do lucht a linne,
is dhein sé a dhícheall don phobal uile.

Mar fhostaí oifige a thuill sé a chuid
ach ghabh sé san arm nuair ab éigean dúinn troid,
níl locht ag an gcomhlacht ar a chuid oibre -
cé nár loic ar a chairde tráth na stailce
ach d'íoc go rialta táillí don cheardchumann
(cumann nár chothaigh clampar ach go hannamh),
is deir saoithe na síce gur dóiche
go dtaoscadh sé braon i dteannta na foirne.

Tuigtear do lucht na meán go léadh sé nuachtán
is go dtógadh sé ceann d'fhógraí mar is gnách.
Níor leasc leis árachas sláinte a cheannach
is nuair a tugadh cógas dó fuair sé biseach.
Áitíonn lucht gnó is na forais airgeadais
nach scaoileadh sé aon uain iasachta thairis
ach go gceannaíodh sé na hearraí faiseanta:
gluaisteán, fón cliste, SatNav is ríomhaire.

Tá ár lucht taighde uile ar aon tuairim
gur ghlac sé gan cheist le dearcadh na huaire:
sásta le síocháin, níor theith sé ó chogadh.
Phós sé in am is bhí triúr ina mhuirear -
an líon ba stuama do thuistí a ghlúine,
is thug sé lánchead don scoil iad a mhúineadh.
An raibh sé sona saor? Níl ciall leis an gceist:
dá mbeadh rud éigin cearr, ní bheadh sé gan teist.

[After the cis-Atlantic Anglo-Saxon of W.H. Auden.]

3 comments:

  1. Iarracht mhaith, a Mhicra!


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Dia duit, Nira is ainm dom. Bhí mé i gcaidreamh le Anderson ar feadh na mblianta, ach bhris sé suas liom. Rinne mé gach rud a d'fhéadfainn é a fháil ar ais, ach bhí sé ar fad in vain. Theastaigh uaim ar ais go mór é mar gheall ar an ngrá atá agam dó. D'impigh mé air le gach rud, rinne gealltanais, ach dhiúltaigh sé. Mhínigh mé mo fhadhb do mo chara, agus mhol sí dom dul i dteagmháil le caster litrithe a d'fhéadfadh cabhrú liom seal a chaitheamh chun é a thabhairt ar ais. Cé nár chreid mé riamh i geasa, ní raibh aon rogha eile agam ach é a thriail. Mar sin chuir mé ríomhphost chuig an caster litrithe, agus dhearbhaigh sé dom go mbeadh gach rud go breá i dtrí lá, agus go dtiocfadh mo shean-duine ar ais chugam. Ionadh, tharla sé ar an dara lá timpeall 4 pm. Ghlaoigh mo sheanfhear orm, ghabh sé leithscéal as gach rud, agus dúirt go raibh sé ag iarraidh filleadh orm mar go raibh an oiread sin grá aige dom. Bhí mé chomh sásta agus chuaigh mé ar ais chuige. Thosaigh muid ag maireachtáil le chéile go sona sásta arís. Gheall mé d'aon duine a bhfuil aithne agam air a bhfuil fadhb caidrimh acu go ndéanfainn iad a tharchur chuig an té a bhí fíor agus cumhachtach amháin a chuidigh liom le m'fhadhb. Má theastaíonn a chabhair uait, is féidir leat ríomhphost a chur chuige ag babawalewiseman01@gmail.com Cuireann sé cineálacha éagsúla geasa ar fáil, lena n-áirítear geasa grá, geasa grá caillte, geasa colscartha, geasa pósta, geasa ceangailteach, geasa a bhriseadh, cosc a chur ar ghaolta ón am atá thart. , geasa cur chun cinn oibre, geasa sásaimh, agus leigheas ar aon ghalar atá ort. Déan teagmháil leis chun réiteach buan a fháil ar aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith agat.
    via babawalewiseman01@gmail.com WhatsApp +2348136951551 viber: 2348136951551

    ReplyDelete