27 Meitheamh 2010

Erse verse 12

Tine agus oighear 



An í tine deireadh an tsaoil,
nó b'fhéidir sioc?
De réir mo thaithí ar an méin
táim den tuairim go bhfónfadh caor.
Ach dá dteastódh an dara scrios,
is leor m'eolas ar an bhfuath féin
le rá go mbeadh an t-oighear gach pioc
chomh nimhneach géar
ag bualadh sprioc.

[Aistrithe ó Shacs-Bhéarla Robert Frost.]

7 comments:

  1. Is aoibhinn liom an dán seo i mBéarla is i nGaeilge anois!

    ReplyDelete
  2. Fuair mé a lán leaganacha den dán seo i dteangacha eile ar an idirlíon, mar shampla:

    Unos dicen que el mundo terminará en fuego,
    otros dicen que en hielo.
    Por lo que he gustado del deseo,
    estoy con los partidarios del fuego.
    Pero si tuviera que sucumbir dos veces,
    creo saber bastante acerca del odio
    como para decir que en la destrucción el hielo
    también es poderoso
    Y bastaría.

    Feu et glace.
    Il y en a qui disent que le monde finira en feu
    Il y en a qui disent en glace
    De ce que j'ai pu goûter au désir
    Je suis du côté du feu
    Mais s'il me fallait deux fois mourir
    Je pense connaître assez bien la haine
    Afin de savoir que, pour ruiner,
    La glace est bonne
    Et suffirait.

    Mura bhfuil dul amú orm, cuir cara liom Gàidhlig air i bhfad ó shin. Caithfidh mé scríobh chuige.

    ReplyDelete
  3. Caithfidh mé a rá gur lag iad mar iarrachtaí. Níl iontu i ndáiríre ach lomaistriúcháin phrósúla a dhéanann neamhshuim ar fad de chóras meadarachta an bhunleagain. Seo mar atá an córas sin:

    Some say the world will end in fire [8 siolla, A]
    Some say in ice. [4 shiolla, B]
    From what I've tasted of desire [8 siolla, A]
    I hold with those who favor fire. [8 siolla, A]
    But if it had to perish twice, [8 siolla, B]
    I think I know enough of hate [8 siolla, C]
    To say that for destruction ice [8 siolla, B]
    Is also great [4 shiolla, C]
    And would suffice. [4 shiolla, B]

    Sin é an dúshlán don aistritheoir - an chiall agus an mheadaracht a thabhairt slán ag an am céanna chomh fada agus is féidir. Insint na fírinne, d'fhéadfaí a rá go bhfuil an t-aistriúchán Gaeilge níos fearr ná an bunleagan toisc gurb ionann A agus C ann (ach ar ndóigh, rím na Gaeilge atá i gceist - rud ata níos scaoilte ná rím an Bhéarla).

    ReplyDelete
  4. Ní bheinn ag comhaireamh siollaí i mBéarla, ach béimeanna. Ach is cuma sa chás seo, mar tá 4 bhéim i ngach líne de 8 siolla, agus 2 bhéim sna línte ceathairshiollacha. Fuair tú an patrún. Séard atá ann dáiríre ná an rud ar a dtugtar “native meter” nó “four-beat” (nó iambic pentamer -1), le trí leathlíne.

    Cuid lárnach den dán díreach is ea comhaireamh na siollaí, gan dabht. Ach níl an leagan Gaeilge seo i ndán díreach ar chor ar bith. Is é sin le rá, ní deibhidh atá ann ná rannaíocht, ná dían. Léigh mé ar dtús mar véarsa aiceanta é, an rud atá nádúrtha i nGaeilge an lae inniu. Fuair mé trí bhéim i líne a haon, dhá bhéim i líne a dó, agus ansin ceithre bhéim i líne a trí:

    De rÉir mo thAIthí Ar an mÉIn

    da DUM da DUM da DUM da DUM

    Ach tá patrún na mbéimeanna briste ar fad i líne a ceathair:

    DUM da DUM da da DUM da DUM

    Ag an bpointe sin, ní raibh a fhios agam cá raibh mé! (Dála an scéil, ní dhéanann “tsaoil” /i:/ agus “méin” /e:/ rím domsa.

    Molaim do chuid oibre anseo, mar sin féin, cé nach bhfuil a fhios agam conas é a léamh.

    ReplyDelete
  5. Ach is dlúthchuid de mheadaracht an bhunleagain é líon na siollaí: bíonn 'da' amháin ann le haghaidh gach 'DUM' san iambic pentameter.

    Is fíor nár dheineas aon iarracht na haicinn a thabhairt slán, agus más féidir le héinne aistriúchán a sholáthar a bhfuil idir chiall, rím, shiollaí agus aicinn slán ann, beidh an chraobh ag dul dó.

    Idir an dá linn, cé nach 'dán díreach' é an t-aistriúchán thuas, fós is 'dán siollach' é. Ach beidh 'trí rann agus amhrán' nuachumtha liom le léamh anseo chomh luath is a bheidh léaráid oiriúnach agam dó.

    Dála an scéil, /e:/ atá agam in 'saol' agus in 'caor'; níl de dhifear idir 'saol' agus 'saoil' ach go bhfuil 'l' leathan sa chéad cheann agus 'l' caol sa dara ceann. (Ní hionann na gutaí in 'saoil' agus in 'maoin' toisc gur 'saoghail' atá sa chéad cheann ó cheart.)

    ReplyDelete
  6. OK, thug mé iarracht air. Cuirfidh mé ar mo bhlag é.

    ReplyDelete
  7. Ar cheart a rá gur ón Sacs-Bhéarla a aistriódh an dán seo? Béarla Mhéiriceá b'fhéidir.

    ReplyDelete