03 Iúil 2010

Dán nua

Seánra na seanrá


Ós dubh dorcha dul an dáin
staidéar síor do-níodh ógán,
     é sínte go moch ag meas
     scríbhne frofa na bhfileadh.

‘Is doiligh deacair an ghairm’
adeirid saoithe seanchais,
     ach ní crua riaghail na rann
     nuair scríobhtar dán le dúthracht.

Ná cleacht seanráite na sean—
beir scéala suilt don phobal
     ón spéirbhean is caoimhe cló,
     banfhlaith séaghain na sídheog!

Is éasca amhrán a cheapadh go réidh don slua
ach éilíonn staraithe leamha i mBéarla suadh
gur léannta rafar an bard a chum dréacht nó duan
i nGaeilge chanta go snasta gan éasc ná dua.

Is freagra é seo ar aiste leis an Ollamh Louis Cullen inar áitigh sé gur 'literary form, not a message for the people' í an aisling.

2 comments:

  1. An-deas! Ar mhaith leat focal nó dhó a rá faoin struchtúr?

    Chuir "frofa" mearbhall orm ar feadh meandair, go dtí gur aithin mé "promh" ann. Agus chuir an dán iomlán mé ar ais go dtí an lon dubh báite, an dán álainn a chum Séamas Dall Mac Cuarta. GRMA!

    ReplyDelete
  2. Sampla den seánra ar a dtugtar 'trí rann is amhrán' is ea é. Is é a bhíonn ann i gcónaí trí rann i meadaracht shiollach ('deibhí' sa chás seo) agus ceathrú amháin i meadaracht aiceanta an amhráin. Tá cúig bhéim i ngach líne san amhrán thuas:
    é - a - a - é - ua

    Tá eolas breise agus neart samplaí le fáil ar an suíomh seo:
    http://www.clanntuirc.co.uk/TRAA/TRAAbaile.html

    ReplyDelete