14 Iúil 2010

Erse verse 13

Amhrán Marseille


Éirígí 'chlanna na tíre,
tá lá na glóire buailte linn!
agus brat fuilteach na daoirse
á bhagairt ag tíoráin orainn,
     á bhagairt ag tíoráin orainn!
Éistigí 'mhuintir na tuaithe
béicíl na n-amhas gan daonnacht,
táid ag marú óige 's bantracht
is ag réabadh trí bhur ndúiche!

Chun arm a shaorfheara,
déanaigí bhur ranga,
ar aghaidh, ar aghaidh!
go ndoirtfear fuil
shalach ar ár gcriaidh!

Go neartaí ár ngrá don tír seo
lámh láidir lucht a slánaithe,
go dtroide spiorad na saoirse
ar son fhoireann a cosanta,
     ar son fhoireann a cosanta!
Go raibh an bua ag ár mbratach
i measc gártha arda na dtréan,
go raibh ár nglóir is ár gcaithréim
le feiscint ag naimhde basctha!

Chun arm a shaorfheara,
déanaigí bhur ranga,
ar aghaidh, ar aghaidh!
go ndoirtfear fuil
shalach ar ár gcriaidh!

[D'après le Gallo-Latin de Claude Joseph Rouget de Lisle.]

8 comments:

  1. Is maith liom do dhán. Lá feiliúnach dó freisin :)

    ReplyDelete
  2. Ar thug tú iarracht ar é a chanadh? “Déanaigí bhur ranga” i leaba “Formez vos bataillons”??

    ReplyDelete
  3. Is ea a gh. faoi gh., choinnigh mé an ceann sin siar. Deánfaidh mé an quatorze juillet a chomóradh arís anocht nuair a osclóidh mé buidéal bordeaux. Tá dhá DVD agam ón bhFrainc nár fhéachas orthu go fóill - roghnóidh mé ceann acu anocht.

    Maidir le 'déanaigí bhur ranga', moltar é a chanadh mar seo a leanas: 'deinig aoi bhuranga'.

    ReplyDelete
  4. Bhí mise ag cluiche iomána anocht ach tá buidéal agam anois agus táim ag breathnú ar Hors de prix anois!

    ReplyDelete
  5. Níl 'Hors de prix' feicthe agam - cad í do bhreith? Taitníonn Audrey Tautou liom: chonaic mé í in 'Coco avant Chanel' anuraidh.

    Bhí rogha agam aréir idir 'L'armée de crime' agus 'La vie en rose'. Bhraitheas go mbeadh an chéad cheann beagáinín níos oiriúnaí don lá agus mholfainn é.

    Mholfainn Michel Lynch 2008 freisin. Tá sé go deas gan a bheith go hiontach, ach ní chosnaíonn sé ach €10 an buidéal.

    ReplyDelete
  6. Níl 'L'armée de crime' feicthe agam go fóillín ach tá 'Hors de prix' iontach greannmhar.

    ReplyDelete
  7. Cá bhfuair tú an Michel Lynch ar €10? Tá €13 nó €14 air sa siopa eischeadúnais is cóngaraí dom?

    ReplyDelete
  8. Tesco i bhFionnghlas. Bhí cúpla cent le spáráil as €10.

    ReplyDelete