21 Iúil 2010

Erse verse 14

Oileán locha Inis Fraoigh 


Éireod anois is imeod, chun triall ar Inis Fraoigh,
go ndéanfad cábán beag ann as criadh is cliatha slat;
beidh pónairí i línte, is mil agam ón gcíor,
is stopfad i bhfaiche ann, dord na mbeach i ngach aird.

Beidh suaimhneas agam ansiúd, óir sileann síth go réidh
ó cheo-bhrat na maidine go gceolann an creagar;
bíonn drithlí ann istoíche, niamh ghorm i lár an lae,
is líonann eití gleoiseach na spéartha um fheascar.

Éireod anois is imeod, óir d'oíche is de ló
cloisim glór séimh an locha ag bualadh ar an mbruach;
anseo ar thaobh na sráide, nó ar chosán gan snódh,
ar chloisint mo chroí istigh airím go doimhin an fhuaim.

[After the Hiberno-Saxon of W.B. Yeats.]

4 comments:

  1. go hálainn. Conas a phiocann tú an dán atá tú chun aistriú?

    ReplyDelete
  2. Nílim iontach sásta leis an gceann seo mar sílim go bhfuil an líne dheireanach i ngach véarsa lag go leor. B'fhéidir go ndéanfaidh me breis oibre air.

    Ní fhéadfainn a rá conas a roghnaím iad a Néidí. Braithim go roghnaíonn siad iad féin. Don chuid is mó, is amhráin nó dánta iad a d'fhoghlaim mé blianta fada ó shin agus atá de ghlanmeabhair agam - nó geall leis - go fóill.

    ReplyDelete
  3. Go hana deas cinnte, ach bhíos chun a rá go ligeann an líne deiridh ar fad síos tú. Tá gá le focal níos fileata ná "fuaim".

    Cad dearfa le rud éigin cosúil le:
    "airím a ghairm im chroí istigh"

    ReplyDelete
  4. Níl fhaighim aon locht ar 'fuaim' - tá rím idir é agus 'bruach' agus tá 'sounds' ag Yeats.

    Is é an rud nár thaitin liom na línte gairide ag deireadh gach véarsa. Tá siad sa bhunleagan, ach b'fhearr liom crot níos rialta. Tá se sin déanta agam anois: trí shiolla déag atá i ngach líne, 7 siolla sa chéad chuid agus 6 shiolla sa dara cuid.

    ReplyDelete