16 Meitheamh 2010

Erse verse 10

Do Lucasta, ar imeacht chun cogaidh


Ná smuain, a rún, go bhfuilim crua
cé go mbrostaím ó chlúid
d'uchta úir is do mheoin fhionnuair
chuig slua, meirge is dún.

Is dearbh gurb é mo dhúil anois
an namhaid i lár gliadh,
is ansa liom ná rún do chnis,
claidheamh, lúireach is sciath.

Ach is údar sásaimh duitse
an fealladh so, a stór,
mar ba lú mo ghrá ort murach
gur fearr liom fós onóir.

[Aistrithe ó Shacsbhéarla Richard Lovelace.]

3 comments:

  1. Tiontú deas ar bhaoth smaointe.

    (Táimse le Tucholsky air seo: Soldaten sind Mörder)

    ReplyDelete
  2. Is aoibhinn liom an dán dáiríre seo ach dá ndéarfadh duine é sin liomsa, ní bheadh sé in ann siúl. Ach ní dóigh liom go bhfuil an phearsantacht chéanna agam léi!

    ReplyDelete
  3. Breá liom an íoróin, an siar is aniar, an sotal fiú. Cuireann Robert Bridges i gcuimhne dom.

    ReplyDelete