12 Meitheamh 2010

Erse verse 9

Cuir i gCás



Cuir i gcás nach bhfuil neamh ann -
is féidir más mian leat,
níl ifreann thíos fúinn
gan ach spéir os ár gcionn,
samhlaigh go bhfuil gach éinne
beo don lá inniu ...

Cuir i gcás nach bhfuil tír ann -
ní doiligh é a dhéanamh,
gan chúis maraithe ná éaga
ná creideamh ach chomh beag,
samhlaigh go bhfuil gach éinne
beo go síochánta ...

B'fhéidir gur aisling a chonac
ach nílim i mo aonar,
táim ag súil go mbeidh tú linn
's go seasfaimid le chéile.

Cuir i gcás nach bhfuil maoin ann -
más féidir é a dhéanamh,
gan chúis sainte ná ocrais
ach daoine mar bhráithre,
samhlaigh go bhfuil gach éinne
i bpáirt sa chruinne ...

B'fhéidir gur aisling a chonac
ach nílim i mo aonar,
táim ag súil go mbeidh tú linn
's go mairfimid le chéile.

[Aistrithe ó Shacsbhéarla Eoin Uí Leannáin.]

2 comments:

  1. Aisling, cinnte. Ach thar a bheith saonta. Friotal ana dehas curtha agat air. Anois níl le déanamh agat ach reacaire binn ghlórach a fháil!

    ReplyDelete