05 Eanáir 2011

Fógra

Myles agus an Deartháir



Níl sé de nós agam fógraíocht a dhéanamh ar an suíomh seo, ach sílim gur cuí agus gur cóir eisceacht bheag a dhéanamh sa chás seo: is iad Myles na Gopaleen agus a dheartháir, Ciarán Ó Nualláin, a bheidh faoi chaibidil ag Scoil Gheimhridh Merriman i mbliana.

Beidh an scoil ar siúl i gcathair na Gaillimhe, an 28-30 Eanáir, agus tá (nó beidh) gach eolas le fáil ó: shuíomh Chumann Merriman.

6 comments:

  1. An de na fir meidhreacha tú féin? Bain sult as, más ea!

    Is mithid dom seilbh a ghlacadh ar an leabhar úd a scríobh Ciarán ar Bhrian, atá ag bailiú deannaigh tí mo mhuintire. Maith agat as é mheabhrú dom.

    ReplyDelete
  2. Mar eolas duit, tá seoladh nua ag mo bhlag, a chara, ó tharla Mise Áine faoi ghlas/míchumas ag Google - http://ramhaille.blogspot.com.

    Bain sult as SGM, más rud go mbeidh tú ann.

    ReplyDelete
  3. Bhí sé i gceist agam freastal ar SGM a Áine, ach d'fhanas sa bhaile chun mo mhachnamh a dhéanamh: ar chóir dom seasamh san olltoghchán agus iarracht a dhéanamh an tír a shabháil, nó an mbeadh sé ag teacht salach ar mo ról mar intleachtóir agus ealaíontóir dá nglacfainn páirt ghníomhach sa saol poiblí?

    ReplyDelete
  4. Agus ar phioc tú páirtí go fóill? b'fhéidir an Tea Party lite le Shane Ross agus a chuid cairde

    ReplyDelete
  5. Bhí sé i gceist agam dul ar aghaidh mar iarrthóir neamhspleách ach tar éis dom dul i gcomhairle le Fintan agus le David, tá cinneadh tógtha agam seasamh siar. Braithim anois gur tábhachtaí dánta a aistriú anseo ná óráidí a spalpadh sa Dáil.

    ReplyDelete
  6. Cinneadh stuama

    Ach an mbíonn cead cainte ag na fir nár imir?

    ReplyDelete