07 Bealtaine 2010

Erse verse 1

An ród nár gabhadh



Scar dhá ród i lár coille órbhuí,
b'oth liom nach bhféadfainn an dá bhealach
a thriall d'aon gheábh is ligeas mo scíth
ag breathnú bóthar amháin go dtí
an áit ar chlaon sé sa scrobarnach;

Ghabhas ansin an dara slí, a bhí
chomh maith agus níos mealltaí b'fhéidir,
mar bhí sí féarach gan lorg coisí;
ach arís, d'fhág an trácht uirthi
go raibh na róid chomh rocach céanna,

Is an mhaidin úd bhí siad araon
fá bhrat duilleog nár satlaíodh fós.
Ó, d'fhágas an chéad ród go malairt lae!
Ach thuigeas mar a scarann gach raon
is bhí amhras orm an bhfillfinn go deo.

Beidh mé á aithris seo le hosna
in áit éigin i bhfad anonn:
scar dhá ród i gcoill, agus mise –
do ghabhas an ceann ba lú taisteal,
is b'in a shocraigh mo chinneamhain.

[After the Ingweonic of Robert Frost.]

2 comments:

  1. Aistriúchán? An amhlaidh go bhfuil dán cosúil le mo cheannsa léite agat i dteanga eile? Caithfidh gur goideadh mo smaointe ...

    Is ea, is mise a d'aistrigh. Ní bheidh le feiceáil anseo ach focail liom féin (cé nach féidir an rud céanna a rá faoi na smaointe).

    ReplyDelete