19 Bealtaine 2010

Erse verse 8

An Múinteoir


Thóg an saor cloiche teampall
a bhí maisiúil greanta teann,
gach stua, póirse is colún
mar líne chruinn óna pheann.
Scairt an slua ar a fheiscint:
"ní bheidh meath ar sin go brách;
is mór í d'éirim a cheardaí!
mairfidh do chlú is do cháil."

Thóg oide scoile teampall
le dua is le gean a chroí,
níor dhein dhá leath dá dhícheall
is do leag gach cloch le guí.
Níor tugadh aird ar a iarracht,
ba chuma le cách a rún,
is an teampall a tógadh
ceileadh é ar radharc na súl.

Tá teampall an tsaoir scriosta
ina smionagar ar lár,
gach colún leagtha briste,
na fallaí tite le fán.
An ceann a thóg an múinteoir,
seasann sé go fóill gan loit:
óir is é a bhí sa teampall
anam síoraí bithbhuan linbh.

[After the Insular Saxon of an unknown pedagogue.]

5 comments:

  1. Is aoibhinn liom é go raibh míle maith agat

    ReplyDelete
  2. Mo dhá ghraidhin thú! Cúpla ceann ón saol gan chóipcheart mar sin, nó as do chloigeann féin, agus bheifeá ábalta iad a sheoladh chuig...bhuel, tá a fhiosa agat.

    ReplyDelete
  3. http://www.angaelmagazine.com/

    (D'fhág Séamas "i" ar lár)

    ReplyDelete