16 Bealtaine 2010

Erse verse 7

An samhlód thú?


An samhlód thú le lá geal sa samhradh?
is áille thú agus is measartha
óir síothlaíonn léas an tsamhraidh go tapa
is rúscann gaoth mín-ghas na Bealtaine;
téann teas na gréine thar fóir ar uaire,
is minic scáth ag clúdach a gnúise -
le himeacht ama, de thaisme uaine,
tagann meath ar gach neach beo dá úire;
ach ní chaillfidh do shamhradh a luisne
ní fheicfear smál go deo ar do mhaise,
ní bhéarfaidh an bás ort ina ghaiste
is tú ag druidim le deireadh d'aistir:
a fhad a mhairfidh an cine daonna,
mairfidh sé seo, is do niamh le chéile.

[After the Insular Saxon of William Shakespeare.]

1 comment:

  1. Go hálainn, agus is aoibhinn liom an dá líne seo:

    'a fhad a mhairfidh an cine daonna,
    mairfidh sé seo, is do niamh le chéile'

    Maith thú, a Mhyles!

    ReplyDelete