07 Bealtaine 2010

Erse verse 2

Ná gabh go réidh


Ná gabh go réidh fá choim chaomh na hoíche,
Ba chóir don aois bheith fíochmhar ar deireadh;
Lig racht borb i gcoinne éag na drithle.

Cé léir don saoi nach bhfuil dul ón oidhe
Bíonn aistí gaoise fós le ríomh aige;
Ná gabh go réidh fá choim chaomh na hoíche.

Caitheann an fíréan a shaol sa deireadh
ag caoineadh na deise ar chúb sé uaithi;
Lig racht borb i gcoinne éag na drithle.

An réice a bhain sult as taitneamh na gréine
Tuigtear dó, ró-mhall, gur theith an óige;
Ná gabh go réidh fá choim chaomh na hoíche.

An fear stuama ar bhruach na huaighe,
Tapóidh sé gach uain le haghaidh suáilce;
Lig racht borb i gcoinne éag na drithle.

Tusa, a athair, ar leac na síoraíochta,
Caith mionn agus mallacht orm go fíochta.
Ná gabh go réidh fá choim chaomh na hoíche.
Lig racht borb i gcoinne éag na drithle.

[After the Ingweonic of Dylan Thomas.]

3 comments:

  1. go hálainn agus Brú na Bóinne leis. Conas a thiontaíonn tú an fhilíocht chomh foirfe sin?

    ReplyDelete
  2. Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil na haistriúcháin foirfe ach tá a fhios agam nach bhfuil. Bhíos siar is aniar deich n-uaire idir 'ná gabh' agus 'ná téigh' sa chéad líne thuas mar shampla ...

    ReplyDelete
  3. Tá ná gabh níos fearr. Tá rabhadh i gceist ach is focal séimh ceolmhar é gabh!

    ReplyDelete