29 Nollaig 2010

Erse verse 18

An cat



Teastaíonn uaim i mo thighse:
bean mheabhrach ard-éirime,
cat ag gabháil i measc na leabhar,
cairde de ló is d'oíche -
ní fiú liom an saol dá n-uireasa.

[D'après le latin vulgaire hexagonal de Guillaume Apollinaire.]

7 comments:

  1. An-deas, ach... níl a fhios agam ar aisrigh tú an líne seo i gceart:

    Une femme ayant sa raison

    bean mheabhrach ard-éirime

    Ní gá go raibh bean Apollinaire thar a bheith meabhrach ná éirimiúil, ach is dócha go raibh ciall aici. Mar shampla:

    avoir toute sa raison = bheith ar do chiall cheart

    perdre la raison = do chiall a chailleadh

    ReplyDelete
  2. Bean lán de stuaim, mar sin?

    Go deas.

    ReplyDelete
  3. Bean lán de stuaim, mar sin?

    Ach is macalla é sin den chéad líne de dhán eile, dán clúiteach le Seathrún Céitinn. Bheadh sé sin maith go leor, ach amháin go bhfuil ciall eile - nó cúpla ciall eile - le “stuaim” sa dán sin, mar atá “cleasa, cluain” agus (is dócha) “áille”.

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil, cé go bhfeicim stuaim aistrithe mar "wiles" nó "guile" i gcomhthéacs an dáin, níl rian de sin le fáil sna foclóirí.

    ReplyDelete
  5. Seo atá ag DIL: Of a lady's charms beauty, grace, dignity, modesty (?)

    ReplyDelete
  6. Vous avez raison mais êtes-vous raisonnable? "An oíche is ísle teocht", ça ne veut pas dire "the darkest evening". "Chuamar thar sleasa na dtonn", c'est autre chose que "seas between us braid hae roared" ...

    ReplyDelete