31 Nollaig 2010

Erse verse 19

An tAm a Bhí 


Ar chóir seanaithne a dhearmad
gan cuimhneamh uirthi arís?
Ar chóir seanaithne a dhearmad
's an t-am a bhí?

     Curfá:
     An t-am a bhí, a chroí,
     an t-am a bhí,
     is ólaimis deoch sláinte arís
     don am a bhí.

Nach dtógfá pionta i do ghlaic
is ardóidh mé cuach dí,
is ólaimis deoch sláinte ar ais
don am a bhí.

       Curfá

Ba ghnáth dúinn rith ar thaobh an tsléibh',
ag piocadh na mbláth mín;
ach chuamar beirt i bhfad i gcéin
ón am a bhí.

          Curfá

Ba ghnáth dúinn tumadh ins an sruth
ó éirí go ham luí;
ach chuamar thar sleasa na dtonn
ón am a bhí.

         Curfá

Seo duit mo lámh a chara cléibh!
Is beir greim mhaith uirthi!
Is taoscfaimid anois gach braon
don am a bhí.

         Curfá

[After the Caledonian Ullans of Robert Burns.]

5 comments:

  1. Ólfad deoch ar sin!

    Go raibh, mar a deir na hAlmáinigh, deá shleamhnú isteach san Athbhliain agat.

    ReplyDelete
  2. Is aoibhinn liom an t-amhrán seo. An féidir leat é a chanadh!

    ReplyDelete
  3. Dá mbeadh guth agam d'fhéadfainn é a chanadh, ach ós rud é nach bhfuil ...

    ReplyDelete
  4. Tá a fhios agat, tá súil agam, go mbíonn deis ann do fhile a bheith i gcló in An Gael, má bhíonn ábhar dá chuid féin ann nó aistriúchán saor ó chóipcheart... Bímid ag lorg ábhair i gcónaí!
    www.angaelmagazine.com

    ReplyDelete
  5. Dia duit, Nira is ainm dom. Bhí mé i gcaidreamh le Anderson ar feadh na mblianta, ach bhris sé suas liom. Rinne mé gach rud a d'fhéadfainn é a fháil ar ais, ach bhí sé ar fad in vain. Theastaigh uaim ar ais go mór é mar gheall ar an ngrá atá agam dó. D'impigh mé air le gach rud, rinne gealltanais, ach dhiúltaigh sé. Mhínigh mé mo fhadhb do mo chara, agus mhol sí dom dul i dteagmháil le caster litrithe a d'fhéadfadh cabhrú liom seal a chaitheamh chun é a thabhairt ar ais. Cé nár chreid mé riamh i geasa, ní raibh aon rogha eile agam ach é a thriail. Mar sin chuir mé ríomhphost chuig an caster litrithe, agus dhearbhaigh sé dom go mbeadh gach rud go breá i dtrí lá, agus go dtiocfadh mo shean-duine ar ais chugam. Ionadh, tharla sé ar an dara lá timpeall 4 pm. Ghlaoigh mo sheanfhear orm, ghabh sé leithscéal as gach rud, agus dúirt go raibh sé ag iarraidh filleadh orm mar go raibh an oiread sin grá aige dom. Bhí mé chomh sásta agus chuaigh mé ar ais chuige. Thosaigh muid ag maireachtáil le chéile go sona sásta arís. Gheall mé d'aon duine a bhfuil aithne agam air a bhfuil fadhb caidrimh acu go ndéanfainn iad a tharchur chuig an té a bhí fíor agus cumhachtach amháin a chuidigh liom le m'fhadhb. Má theastaíonn a chabhair uait, is féidir leat ríomhphost a chur chuige ag babawalewiseman01@gmail.com Cuireann sé cineálacha éagsúla geasa ar fáil, lena n-áirítear geasa grá, geasa grá caillte, geasa colscartha, geasa pósta, geasa ceangailteach, geasa a bhriseadh, cosc a chur ar ghaolta ón am atá thart. , geasa cur chun cinn oibre, geasa sásaimh, agus leigheas ar aon ghalar atá ort. Déan teagmháil leis chun réiteach buan a fháil ar aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith agat.
    via babawalewiseman01@gmail.com WhatsApp +2348136951551 viber: 2348136951551

    ReplyDelete