10 Bealtaine 2010

Erse verse 4

Anam dochloíte


I nduibheagán doimhin na hoíche,
an dorchadas ar gach taobh,
gabhaim buíochas ó mo chroíse
don té a bhronn orm anam tréan.

Pé rud a tharla dom sa saol,
deor ná geoin níor bhain sé asam:
má síneadh mé le buille géar,
sheasas suas gan mórán achair.

Lastall de ghleann seo an chaointe
tá scáth uafar báis is daortha,
ach ag druidim le críoch m'aoise
táim go teann, gan ualach scéine.

Is dá dhaoire é an dua
nó dá chruaidhe iad mo dhála,
is mé máistir mo chiniúna:
is mé ceannasaí m'anama.

[After the Insular Saxon of W.E. Henley.]

6 comments:

  1. Níl an dán insular saxon ar eolas agam agus mo náire an file úd ach an oiread. Ach d'úsáid mé an dá líne dheireanach i insular saxon i mblag liom. Chuala mé iad sa scannán Invictus faoi Mandela.
    an bhfuil cead agam dul siar agus an leagan deas aistrithe a scríobh ann???

    ReplyDelete
  2. Tá gan amhras! Tá áthas orm anois gur roghnaíos an dán sin le cur suas anocht. Bhíos idir dhá chomhairle idir é agus 'Stop all the clocks' le W.H. Auden, ach coinneoidh mé an ceann sin siar go dtí lá éigin eile - Dé Céadaoin b'fhéidir. Sílim go mbeidh Keats agus Chapman anseo amárach.

    ReplyDelete
  3. Ana dheas. Tá ana scil agat sna leaganacha Gaelacha seo de dánta móra an Bhéarla. An bhfuil teangacha eile ar do thoil agat? Ba mhaith liom blaiseadh de éigse na ciníocha..

    (is maith liom an teideal Mylesach Erse verse chomh maith. Tá's agat is dócha an leagan a bhíodh ag an Beachánach ar lucht caite an Fháinne?)

    ReplyDelete
  4. Faraor nach bhfuil “don té a bhronn orm anam tréan” chomh réamhchríostaí / Gréaga-Rómhánach le “I thank whatever gods may be”.

    Is léir go bhfuair do dhuine oideachas clasaiceach den seandéanamh.

    ReplyDelete
  5. 'Traduttore, traditore' mar adeirtear.
    Tá dán Castaílise beagnach réidh agam (cé gur fearr aithne é mar amhrán anois), agus tá liricí amhráin sa Ghalla-Rómáinsis ar na bacáin. Beidh cúpla amhrán sa Sacs-Bhéarla le fáil go luath freisin.

    ReplyDelete