12 Bealtaine 2010

Erse verse 5

Cumha Sochraide


Cuir gach clog ina stad agus múch an guthán,
ná lig do na gadhair a bheith ag glamaíl fá chnámh,
balbhaigh an pianó agus maolaigh an druma,
leag amach an cónra is lig don slua caoineadh.

Bíodh na heitleáin ag geonaíl os ár gcionn sa spéir
ag breacadh tásc an fhir a cailleadh ar an aer,
ceangail ribín ciardhubh le hucht an cholúir bháin,
cuir lámhainní dubha ar an bpóilín sa tsráid.

Ba eisean thuaidh is theas, thoir is thiar dom,
ba eisean Domhnach is dálach, obair is scíth agam,
ba é mo lá is m'oíche, mo chaint is mo cheol é,
shíleas go mairfeadh ár ngrá, ach mo léan gur éag.

Níl na réaltaí ag teastáil, múch gach ceann díobh,
cuir an ré i dtaisce is bain anuas an ghrian,
taosc an fharraige agus scuab an choill chun siúil,
ní bheidh rath ar aon cheo arís go Lá an Luain.
 
[After the Insular Saxon of W.H. Auden.]

6 comments:

  1. Ba eisean thuaidh is theas, thoir is thiar dom,

    Macalla anseo de na línte as “Dónall Óg”:

    Do bhainis soir dhíom, do bhainis siar dhíom
    Do bhainis romham is do bhainis im' dhiaidh dhíom


    Tuigim go bhfuil an iomarca siollaí in “tuaisceart, deisceart, oirthear is iarthar” -- ach an féidir “thuaidh” etc. a úsáid ar lorg “ba eisean”?

    Is maith liom rith is rithim an aistriúcháin seo.

    ReplyDelete
  2. I cuimhin liom an dán seo a chlos (sa Bhéarla Oileánach, gan amhras) san scannán Ceithre Bhainis agus Sochraid. Focail láidre chun cumha a chuir in iúl. Maith thú.

    ReplyDelete
  3. An féidir 'soir', 'siar', 'romham', 'im' dhiaidh' a úsáid ar lorg 'do bhainis'?

    Is ainmneacha iad 'thuaidh', 'theas', 'thoir' is 'thiar' sa dán - ainmneacha na n-airde. D'fhéadfaí comharthaí athfhriotail a chur timpeall orthu, ach sílim go millfidís cuma an téacs.

    ReplyDelete
  4. An féidir 'soir', 'siar', 'romham', 'im' dhiaidh' a úsáid ar lorg 'do bhainis'?

    Má deir an file gurb ainmfhocail iad, is ainmfhocail iad. Tugtar scóip don fhile -- agus do aistritheoir na filíochta -- i gcónaí sna cúrsaí seo.
    :-)

    ReplyDelete
  5. Is maith liom an dán seo go mór. D'fhoghlaim mé amhrán nua inniu ag an mbainis. Scríobhfaidh mé é anois.

    ReplyDelete