14 Bealtaine 2010

Erse verse 6

An Crann



Sílim nach bhfeicidh mé go brách
dán chomh dea-dhéanta leis an gcrann

Crann a dhiúlann tríd an ithir
leacht ó chíoch thorthúil na cruinne

Crann a adhrann Dia gan staonadh
ag ardú géag chun na spéire

Crann a bheireann ins an samhradh
nead spideoige faoina ascall

Crann a dtiteann sneachta geal air
is a thugann scáth ón bhfearthainn

'Sé mo leithéid a chumfadh dán
ach Dia amháin a chruthódh crann.

[After the Insular Saxon of Joyce Kilmer.]

9 comments:

  1. Is suimiúil agus is taitneamhach an togra seo, Erse Verse. Ach an rachfá féin sa tóir ar dhán a thiontaigh duine éigin eile ó Bhéarla go Gaeilge?

    recte: cíoch thorthúil

    ReplyDelete
  2. Ach is fiú iad a thiontú! An-spreagúil ar fad.

    Bheadh moladh (umhal!) amháin agam:

    "crann ar a dtiteann sneachta geal
    is atá i ndlúth-aontíos le fearthainn"

    Tá an dlúthchaidreamh lárnach don rann sin, ceapaim.

    ReplyDelete
  3. Tá scéal in easnamh, dán, scéal, dán, scéal-----

    An nglacfaidh tú le hachainí amach anseo?

    ReplyDelete
  4. Tá dhá leasú déanta agam ar an téacs - an séimhiú a bhí ar iarraidh san áireamh.

    Scríobhaim toisc go mbainim sult as agus ní chun freastal ar éileamh. Má thaitníonn mo chuid scrioblála le daoine, beidh sé sin go breá; muna dtaitneoidh, ní chuirfidh sé sin as dom.

    Tá trí scéal i dtaobh Keats agus Chapman leagtha amach i m'intinn agam ach níl siad curtha ar 'phár' (.i. ar dhiosca crua) go fóill. Déanfaidh mé iarracht ceann amháin a scríobh in aghaidh na seachtaine as seo amach.

    Tá dornán dánta ar na bacáin agus tá ceann amháin acu beagnach réidh ach tá cúpla focal ann nach bhfuilim sásta leo go fóill.

    Is ea, a ghrá faoi ghruaim, ba bhreá liom moltaí a fháil agus déanfaidh mé gach moladh a mheas go cúramach, ach ní thabharfaidh mé geallúint roimh ré go n-aistreofar gach dán a mholtar dom.

    ReplyDelete
  5. Iarratas mar sin, led thoil: “Cantares” le Antonio Machado. Níl a fhios an dtaitneoidh sé leat, ar ndóigh. Tá sé le cloisteáil mar amhrán anseo agus in a lán leaganacha eile. Níl a fhios agam cé hé an fear óg seo, ach tá fuinneamh ina ghuth.

    ReplyDelete
  6. Dúshlán seachas achainí moladh úd Dennis.

    Bheadh sé deacair gontacht chonair na Caistílise a bhreith leat.

    ReplyDelete
  7. Estoy, como le he dícho, ar bís!

    ReplyDelete