08 Bealtaine 2010

Erse verse 3

Meán Fómhair 1913



Cad tá uaibh is sibh in inmhe
ach carnadh pinginí bréana
lena gcur i gcófraí taisce,
agus guí le Dia gan staonadh,
go mbeidh an cnámh gan deoir smeara?
Tá an tsaint i páirt le naofacht
is Éire na laoch gan oidhre
curtha fá leac leis an Laoghaireach.

Níorbh amhlaidh don aicme eile
a thuill meas na n-óg le héachta,
scaip a gcáil ar fud na cruinne
ach gearradh go luath a laetha -
dream a mhair fá scáil na croiche
gan beannú sagart ná séada.
Tá Éire na laoch gan oidhre,
curtha fá leac leis an Laoghaireach.

Chuaigh géanna fiáine ar eite
thar sáile i bhfad i gcéin uainn,
dhoirt na tréanfhir a gcuid fola -
ár gceann airm an tiarna Éadbhard,
Emmet óg is Tone na gaoise,
cad ab fhiú an phian go léir sin?
Tá Éire na laoch gan oidhre,
curtha fá leac leis an Laoghaireach.

Is dá bhfillfidís abhaile,
fir a d'éag ar son na hÉireann
gan chomhluadar is i laige,
déarfaí: "táid meallta ag céibheann
a chuir a n-intinn ar mire".
Ba chuma leo bás nó saoradh
ach táid ar shlí na fírinne,
curtha fá leac leis an Laoghaireach.

[After the Ingweonic of W.B. Yeats.]

5 comments:

  1. Tá sé de nós ag Béarlóirí áirithe ainmneacha ainspianta a thabhairt ar an nGaeilge sa dara teanga oifigiúil. Níor mhiste an comhar a íoc leo.

    ReplyDelete
  2. :-)
    Cá raibh an scéal is an dán inniu?

    ReplyDelete
  3. Maith dom an fhaillí a ghfg - chaitheas cúpla uair a chloig ag siúl ar mhullach Bhinn Éadair inniu. Beidh rud éigin agam duit oíche amárach ach déarfainn go mbeidh mo stóras folamh roimh dheireadh na seachtaine. Is go mall a thiocfaidh na haistí nua ina dhiaidh sin ...

    ReplyDelete